Polyglot Gathering 2022

Tá an t-aistriúchán sa teanga seo ag 29%. Is féidir an t-eolas ar fad is déanaí a fháil as Béarla agus chomh maith.
This website is about the Polyglot Gathering in 2022. For information about the current edition, follow this link.

Cód Iompair na Comhdhála

Is gá d'aíonna, urraí agus saorálaithe ag ár gcomhdháil ar líne cloí leis an gcód iompair thíos. Cuirfidh na heagraithe an cód seo i bhfeidhm le linn na hócáide. Beimid ag súil le comhoibriú ó na rannpháirtithe uilig le cabhrú linn spás sábháilte a chur ar fáil do gach duine.

Ag iarraidh cabhrach?

Tá ár sonraí teagmhála ar fáil ar an leathnach Teagmháil

An leagan sciopaidh

Tá ár gcomhdháil tiomanta chun comhdhála saor ó chiapadh a chur ar fáil do gach duine beag beann ar inscne, féiniúlacht agus cur in iúl inscne, aois, gnéaschlaonadh, míchumas, cuma fhisiciúil, méad choirp, cine, eitneacht nó creideamh (nó easpa creidimh). Ní ghlacfar le ciapadh d'aon chineál ó rannpháirtithe na comhdhála, nó ní ghlacfar le hiompar a fhéadfadh rannpháirtí a dhéanamh míshábháilte, míchompordach, nó imníoch dá fholláine fhisiciúil nó mhothúchánach. Níl teanga ghnéasach nó íomhánna gnéasacha oiriúnach d'aon ionad comhdhála, cainteanna, ceardlanna, imeachtaí sóisialta, seomraí comhrá, Twitter agus aon mheán sóisialta eile san áireamh. Gearrfar pionós ar aon rannpháirtí a bhriseann na rialacha seo (nó caithfear amach gan aisíoc ón gcomhdháil iad), agus is faoi na heagraithe atá an rogha seo.

An leagan níos moille

'Séard atá i gceist le ciapadh ná tráchtanna maslacha ó bhéal maidir le hinscne, féiniúlacht agus cur in iúl inscne, aois, gnéaschlaonadh, míchumas, cuma fhisiciúil, méid choirp, cine, eitneacht, creideamh, íomhánna gnéasach in áiteanna poiblí, imeaglú d'aon ghnó, stalcaireacht, leanúint, trolláil, tráchtanna maslacha nó dímheasúla, ionsaithe pearsanta nó polaitiúla, cur isteach go leanúnach ar chainteanna nó ar imeachtaí eile agus aird ghnéasach nach dteastaíonn. Gabhann sé seo do theachtaireachtaí príobháideacha chomh maith le teachtaireachtaí poiblí.

Is mór an méad cineálacha ciaptha atá ann. Is samplaí iad seo a leanas de chiapadh, ach ní liosta iomlán é.

Nuair a iarrtar ar rannpháirtithe stop a chur le hiompar ciaptha, bítear ag súil go gcuirtear stop leis láithreach.

Is gá d'urraí agus tacaithe cloí leis an bpolasaí i gcoinne ciaptha. Go háirithe, ba chóir d'urraí íomhánna gnéasacha, gníomhaíochtaí gnéasacha, agus aon ábhar gnéasach eile a sheachaint go hiomlán.

Má thugann rannpháirtí faoi iompar trioblóideach nó ciaptha, d'fhéadfadh leis na heagraithe aon bheart a dhéanamh a mheasann siad féin oiriúnach, ag fógairt don chiontóir nó iad a chaitheamh amach ón gcomhdháil gan iad a aisíoc san áireamh.

Más íobartach ciaptha tú, nó má thugann tú faoi deara gur íobartach ciaptha duine eile, nó má tá tú buartha faoi rud ar bith eile, gabh i dteagmháil leis na heagraithe le do thoil agabuse@polyglotgathering.com. Déan cur síos go mion ar an méad a thit amach, le seat scáileáin iniata más féidir má tharla an ciapadh i bhfoirm scríofa, agus déanfaimid ár ndícheall dul i ngleic leis go sciopaidh.

Beidh foireann na comhdhála sásta cabhrú chun spás sábháilte a chruthú do rannpháirtithe atá ag fulaingt leis an gciapadh le linn na comhdhála. Táimid buíoch go bhfuil tú linn.

Táimid ag súil go gcloífidh rannpháirtithe leis na rialacha seo síos tríd na himeachtaí comhdhála ar fad, cainteanna agus imeachtaí sóisialta san áireamh.